Daoine neamhchláraithe i mbun gníomhaíochtaí cáilitheacha

Má sheolann tú gnó in Éirinn a bhfuil gníomhaíochtaí cáilitheacha ann, féadfaidh tú Cáin Bhreisluacha (CBL) a aiséileamh ar do cheannacháin a úsáideadh le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.

Mar shampla, féadfaidh banc nó comhlacht árachais Éireannaigh a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais do chustaiméirí taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) a bheith i dteideal CBL a aiséileamh.

Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ní mór iarratais ar aisíocaíochtaí a dhéanamh ar an bhFoirm VAT 60E.