Seirbhísí taiscíochta agus seirbhísí cumhdaigh domhanda

Tugtar achoimre sa rannán seo ar an gcánachas Cánach Breisluacha (CBL) maidir le seirbhísí taiscíochta agus seirbhísí cumhdaigh domhanda. Tá na seirbhísí a chuirtear ar fáil bainteach le ciste infheistíochta speisialta Éireannach.

Is seirbhís é an ról maoirsithe a dhéanann taisceánach faoi réir Ráta caighdeánach CBL.

Féadann seirbhís chumhdach dhomhanda a bheith mar sholáthar ilchodach de sheirbhísí airgeadais atá díolmhaithe ó CBL i gcásanna ina bhfuil na gnéithe incháinithe teagmhasach. Áirítear leis seo eilimintí incháinithe, amhail sábháilteacht fhisiciúil agus maoirseacht.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán Treoir Breise ar an gcánachas CBL a bhaineann le seirbhísí taiscíochta agus seirbhísí cumhdaigh domhanda.