Ionad Uileghnó Iompórtála (IOSS)

Cuireadh tús leis an Ioncad Uileghnó Iompórtála (IUGI) mar chuid den phacáiste ríomhThráchtála. Leis seo, athraítear an caoi ina bhféadtar cuntas a thabhairt ar Cháin Bhreisluacha (CBL) dlite ar roinnt earraí iompórtáilte.  

Leis an IUGI, féadann duine incháinithe clárú i mBallstát singil chun CBL uile an Aontais Eorpaigh (AE) a dhearbhú agus a íoc. Ní bhaineann an IUGI ach le hearraí áirithe. Sa chás go mbaintear leas as an IUGI, ní dhéanann Custaim an CBL iompórtála atá dlite ar na soláthairtí seo a bhailiú. Ina ionad sin, íoctar an CBL iompórtála trí thuairisceán IUGI míosúil.

Féadtar an IUGI a úsáid chun an CBL iompórtála a dhearbhú agus a íoc sna cásanna seo a leanas:

  • go bhfuil na hearraí atá i gceist lonnaithe taobh amuigh den AE ag tráth a ndíola
  • go seoltar na hearraí i gcoinsíneachtaí ar luach intreach nach mó ná €150
  • agus
  • nach bhfuil na hearraí atá i gceist faoi réir dleachtanna máil.

Níl úsáid an IUGI ag soláthraithe éigeantach. Tá roinnt sochar ag an scéim do sholáthraithe agus do thomhaltóirí, áfach.

Beidh sé ar chumas soláthraí atá cláraithe don IUGI an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • clárú i mBallstát amháin le haghaidh na soláthairtí uile a dhéantar ar fud an AE a thagann taobh istigh den IUGI
  • an CBL iompórtála uile dlite faoin IUGI ar fud an AE a thuairisciú agus a íoc i dtuairisceán míosúil amháin
  • agus
  • CBL a ghearradh ag an ráta infheidhmithe, ag an díolphointe, do thomhaltóir. 

Sa chás go n-úsáidtear an IUGI, ní bhaileoidh na Coimisinéirí Ioncaim CBL iompórtala ag tráth na hiompótála. Ina ionad sin, beidh ar tomhaltóirí an CBL a íoc ag an dílphointe. Dá bhrí sin, seachnóidh tomhaltóirí aon mhuirear cánach nó custaim amach anseo tar éis na hearraí a sheachadadh.

Clárú don Ionad Uileghnó Iompórtála (IOSS)

Féadann na soláthraithe seo a leanas an IUGI a úsáid:

  • soláthraithe bunaithe san AE
  • agus
  • soláthraithe nach bhfuil bunaíocht ná bunaíocht seasta acu san AE.

Féadann soláthraithe clárú go díreach don IUGU ina mBallstát féin. Is gá do sholáthraithe neamh-AE, áfach, idirghníomhaí bunaithe san AE a ainmniú chun leas a bhaint as an IUGI.

Féadann soláthraí atá bunaithe in Éirinn clárú don IUGI ar líne. Déantar seo tríd an rannán CBL IUG ina gcuntas ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Tá tuilleadh eolais ar an IOSS ar fáil sa rannán Treoir bhreise.