Scéim neamh-Aontais - Ionad Uileghnó

Ón 1 Iúil 2021, athraíodh an Mion-Ionad Uileghnó (MIUG) go dtí an Ionad Uileghnó (IUG). Déanann an Ionad Uileghnó  dualgais i leith Cháin Bhreisluacha (CBL) a shimpliú le haghaidh gnóthaí atá ag díol trasteorann do thomhaltóirí deiridh san Aontas Eorpach (AE).  Taobh istigh den IUG, tá dhá scéim; scéim an Aontais agus neamh-scéim an Aontais.

Cuireann an scéim sínte neamh-Aontais leis an gcreat reachtaíochta reatha a bhí bunaithe ag MIUG. Clúdaíonn an scéim neamh-Aontais  na seirbhísí uile a sholáthraíodh do dhaoine neamh-incháinithe san AE faoi IUG feasta. Féadann soláthraithe nach bhfuil bunaithe nó nach bhfuil bunaíocht seasta acu san AE an scéim seo a úsáid.

Clárúchán don scéim Neamh-Aontais

Beidh daoine incháinithe a chláraíonn don scéim neamh-Aontais in ann CBL AE a íoc i mBallstát singil. Féadtar an clárúchán seo a úsáid maidir le soláthairtí seirbhísí Gnó le Tomhaltóir a dhéantar do thomhaltóirí ar fud an AE. Tá úsáid na scéime neamh-Aontais roghnach.

Féadann sé go mbeidh ar dhuine incháinithe bheith cláraithe le haghaidh CBL san AE do sholáthairtí nach gclúdaítear faoin scéim. Bíonn deis acu i gcónaí, áfach, leas a bhaint as an scéim i leith sholáthairtí  Tomhaltóirí B2C.

In Éirinn, cuirtear clárúchán  le haghaidh na scéime neamh-Aontais i gcrích tríd an tairseach clárúcháin IUG neamh-Aontais

Soláthraí nár bunaíodh san AE atá cláraithe cheana le haghaidh scéim eile faoin IUG in Éirinn, bíonn rogha acu clárú tríd an rannán CBL IUG in Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Rinneadh gach próiséas clárúcháin le haghaidh na scéime neamh-Aontais faoin MUIG a aistriú go huathoibríoch chuig an IUG. Féadtar leanúint de chuntas a thabhairt ar CBL dlite ar soláthairtí seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus ríomhsheirbhísí (TCR) faoin IUG.

Tar éis clárú don scéim neamh-Aontais, ní mór na soláthairtí uile a thagann faoi scóip na scéime sin a dhearbhú tríd an scéim. Áirítear leis seo seirbhísí eile a sholáthraíonn trádálaithe Gnó le Tomhaltóir a ndearnadh a gcuid clárúcháin a aistriú ó MIUG go dtí IUG.

Tá tuilleadh eolais ar an scéim neamh-Aontais le fáil sa rannán Treoir bhreise.