Coisbheart

Tá soláthar coisbheart inmhuirir do Cháin Bhreisluacha (CBL) ag an ráta caighdeánach. Tá coisbheart pearsanta leanaí, áfach, inmhuirir ag an ráta nialasach.

Chun críche CBL, ciallaíonn coisbheart:

  • bróga
  • buataisí
  • slipéir
  • coisbheart fionnaidh
  • coisbheart spóirt.

Ní fholaíonn coisbheart stocaí, lann rollála, scátaí rollála agus mar sin de.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le coisbheart le fáil sa rannán Treoir breise.