Gás, leictreachas, deimhnithe gáis agus leictreachas

Frithmhuirear ar ghás, leictreachas, deimhnithe gáis agus leictreachas

Baineann an mheicníocht frithmhuirear chun cuntas a thabhairt i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) le:

  • soláthairtí mórdhíola gáis nó leictreachais
  • soláthairtí deimhnithe gáis nó leictreachas.

Faoin meicníocht frithmhuirir, is é an faighteoir seachas an soláthraí atá cuntasach i leith CBL ar an soláthar.

Tháinig na hathruithe i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2016. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tionchar ag an athrú seo ar sholáthairtí a rinneadh ar an dáta seo nó dá éis.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le gás, leictreachas, deimhnithe gáis agus leictreachas le fáil sa rannán Treoir bhreise.

Margadh leictreachais aonair

Is meicníocht bunaithe ar stór é an margadh leictreachais aonair i leith díolachán agus ceannachán leictreachas mórdhíola trasna na tíre.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir leis an mhargaidh leictreachais aonair le fáil sa rannán Treoir bhreise.