Scéim Earraí Caipitiúla (SEC)

Is meicníocht é an Scéim Earraí Caipitiúla (SEC) chun rialú a dhéanamh ar méid na Cánach Breisluacha (CBL) a éilítear ar ais thar shaolré CBL (tréimhse choigeartúcháin) earra chaipitiúil. Chun críocha CBL, is maoin forbartha é earra caipitiúil.

Oibríonn SEC trí chinntiú gurb ionann an CBL a éilítear ar ais agus an úsáid a bhaintear as an maoin thar a shaolré CBL.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán Treoir breise ar an gcánachas CBL a bhaineann leis an Scéim Earraí Caipitiúla agus é a chur i bhfeidhm.