Seirbhísí tógála

Go ginearálta, baineann an ráta laghdaithe Cánach Breisluacha (CBL) le seirbhísí tógála. Áirítear le soláthar seirbhísí tógála, i ndáil le hearraí do-aistrithe:

  • tógáil, síneadh, athrú, agus seirbhísí scartála
  • agus
  • foirgníocht, leictreach, pluiméireacht, plástráil, téamh, péinteáil, díon, urláir agus seirbhísí eile a bhaineann le tógáil.

Tá rialacha speisialta ann do phríomhchonraitheoirí agus do fhochonraitheoirí a chuireann seirbhísí tógála ar fáil agus an chaoi a ndéanann siad cuntasaíocht ar CBL.

Tá tuilleadh eolais ar an TAMS ar fáil faoi Treoir Bhreise.

Daingneáin agus feistis

Is soláthar earraí inaistrithe é soláthar daingneán nó feisteas agus tá sé incháinithe ag an ráta caighdeánach CBL.

Is obair ar earraí inaistrithe é suiteáil daingneáin agus tá sé incháinithe ag an ráta laghdaithe CBL. Tá suiteáil feistis incháinithe ag an ráta caighdeánach CBL.

Is obair ar earraí do-aistrithe é daingneán a sholáthar agus a shuiteáil agus tá sé incháinithe ag an ráta laghdaithe CBL, faoi réir riail an dhá thrian. Tá soláthar agus suiteáil feisteas incháinithe ag an ráta caighdeánach CBL.

Tá tuilleadh eolais ar dhaingneáin agus feistis ar fáil sa rannán Treoir bhreise.