Seirbhísí a bhaineann le maoin dho-aistrithe

Tá riail i leith áit shonrach soláthair ann le haghaidh seirbhísí a bhaineann le maoin dho-aistrithe. Is é cuspóir na rialach seo ná cinntiú go dtarlaíonn cánachas ag áit tomhaltais na seirbhíse.

I gcoitinne, is é an áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe an áit soláthair, má bhaineann siad seo a leanas le soláthar na seirbhísí:

  • má bhaineann sé leis an maoin dho-aistrithe
  • más deonú cearta an mhaoin a úsáid é.

Tá mioneolas ar na seirbhísí a bhaineann le maoin dho-aistrithe ar fáil sa rannán Treoir breise.