Seirbhísí fruilithe

  1. Léargas ginearálta
  2. Modhanna iompair a fhruiliú nó a thógáil ar léas
  3. Gléasra agus innealra a fhruiliú nó a ligean ar léas

Gléasra agus innealra a fhruiliú nó a ligean ar léas

Is inmhuirir i leith Cáin Bhreisluacha ag an ráta caighdeánach CBL atá sé aon innealra a fhruiliú gan oibreoir.

Is inmhuirir i leith Cáin Bhreisluacha ag an ráta laghdaithe CBL atá sé, áfach, aon innealra a sholáthar in éineacht le hoibreoir:

  • tochaltóirí agus tochail-tarracóirí
  • gearrthóirí díge in éineacht le feisteas lódaire
  • ollscartairí
  • grádóirí
  • scríobáin
  • rollóirí bóthair
  • rollóirí creathacha
  • rollóirí creathacha láimhe
  • meaisíní curtha macadam agus meaisíní leata
  • bearrthóirí ciumhaise
  • gearrthóirí fáil
  • aonaid diúscartha sloda
  • pumpaí sloda, tancaeirí
  • tochaltóirí le bristeoir carraigeacha
  • casúir kango
  • dlúthóirí
  • meaisíní spraeála tarra.

Is inmhuirir i leith Cáin Bhreisluacha ag an ráta caighdeánach CBL atá sé aon míreanna eile gléasra nó innealra a sholáthar in éineacht le hoibreoir.