Radharceolaithe

Go ginearálta, tá seirbhísí súil-liachta díolmhaithe ó Cháin Bhreisluacha (CBL). Tá an soláthar earraí, amhail soláthar spéaclaí, faoi réir CBL áfach. Is iondúil go ndéanann radharceolaithe soláthairtí measctha de sheirbhísí díolmhaithe agus earraí incháinithe.

Le mioneolas ar an gcánachas CBL ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí ag radharceolaithe, féach Treoir breise.