Seirbhísí incháinithe ag ráta na n-earraí (an riail dhá thrian)

Céard é an riail dhá thrian?

Is minic go gcuirtear earraí ar fáil le linn seirbhís a sholáthar, mar shampla, páirteanna i ndeisiú meaisín níocháin.

Tá rialacha áirithe ann i ndáil leis an gcaoi a ndéantar cáin a ghearradh ar an idirbheart seo chun críocha Cánach Breisluacha (CBL).

Tabhair do d’aire

Níl CBL curtha san áireamh sna figiúirí agus sna costais uile.

Más rud é go sáraíonn costas na hearraí a úsáidtear chun an obair a dhéanamh dhá thrian den phraghas iomlán, beidh feidhm ag an ráta a bhaineann leis na hearraí ar an idirbheart iomlán.

Más rud é nach sáraíonn costas na n-earraí a úsáidtear chun an obair a dhéanamh dhá thrian den phraghas iomlán, beidh feidhm ag an ráta a bhaineann leis an tseirbhís ar an idirbheart iomlán.

Tugtar an riail dhá thrian air seo.

  • Mótarfheithiclí nó innealra talmhaíochta a dheisiú nó a chothabháil.
  • Seirbhísí tógála nuair a thugann príomhchonraitheoirí cuntas ar CBL ar sheirbhísí a fháil ó fhochonraitheoirí.
  • Seirbhís tógála idir dhá pháirtí a bhfuil ceangal eatarthu.