Nótaí creidmheasa

Cén eolas atá riachtanach ar nóta creidmheasa CBL?

Ní mór go dtaispeánfaidh an nóta creidmheasa maidir le Cáin Bhreisluacha (CBL):

  • an dáta eisiúna
  • uimhir uathúil
  • ainm iomlán, seoladh agus cláruimhir CBL an tsoláthraí
  • ainm iomlán, seoladh agus cláruimhir CBL an chustaiméara
  • i gcás soláthair laistigh den chomhphobal, uimhir aitheantais CBL an chustaiméra sa Bhallstát eile
  • an fáth go bhfuil an nóta á eisiúint
  • crostagairt don sonraisc bunaidh
  • an comaoin leasaithe
  • an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm nuair a eisíodh an sonrasc ábhartha
  • agus
  • an méid cánach ag gach ráta.

Airgeadra eachtrach ar shonrasc CBL

Má tá airgeadra eachtrach san áireamh i do chreidmheas, ní mór go dtaispeánfadh sé na figiúirí comhfhreagracha i Euro.

Ba chóir duit an ráta díola taifeadta ag an mBanc Ceannais ag an am go bhfuil an sonrasc eisithe a úsáid.

Féadfar, trí chomhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim, modh eile a úsáid chun an ráta comhshó a chinneadh. Tá sé seo ar choinníoll go mbeidh an modh comhaontaithe úsáidte i leith idirbhearta uile an duine sin in airgeadra eachtrach.

Ba chóir duit iarratas a chur isteach chuig Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ag cur an modh maidir leis an ráta malairte a theastaíonn uait a úsáid in iúl.

Ar aghaidh: Céard is nóta dochair ann?