Nótaí creidmheasa

Céard is nóta sochair CBL ann?

Is doiciméad é nóta sochair Cáin Bhreisluacha (CBL) a eisíonn soláthróir chuig chustaiméara. Léiríonn nóta sochair lascaine nó laghdú ar phraghas a sonrascadh ar dtús, maidir leis na hearraí nó sheirbhísí a soláthraíodh.

Cén fáth a bhfuil nótaí sochair CBL tábhachtach?

Is é an t-eolas ar shonrasc CBL an bunús chun do dhliteanas CBL ar sholáthar earraí nó seirbhísí incháinithe a fháil amach.

Cumasaíonn sé do do chustaiméir atá cláraithe do CBL na figiúirí don méid iomlán a gearradh orthu ar a gcuid ceannacháin a leasú.

Má eisíonn tú nóta sochair a luann méid níos lú CBL ná mar is ceart, beidh ort an difríocht a íoc.

Ar aghaidh: Cén uair ba chóir nóta sochair CBL a eisiúint?