Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

Feithiclí leictreacha agus hibrideacha

Tá leibhéil éagsúla laghduithe Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF) i bhfeidhm do na cineálacha éasgúla feithiclí seo:

  • Hibrideach-leictreach ar a chéad chlárú: feithicil cumhachtaithe ag meascán d’inneall dócháin inmheánaigh agus mótar leictreach.
  • Hibrideach plugála leictreach ar a chéad chlárú: hibrideach le ceallra a fhéadtar a luchtú trína cheangal leis an eangach leictreachais.
  • Feithiclí leictreacha, gluaisrothair san áireamh: feithiclí a chumhachtaítear go heisiach ó cheallra.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim na faoisimh a leagtar amach thíos i bhfeidhm go huathoibríoch ag an bpointe clárúcháin in Ionad nó ar ROS. Níl foirmeacha iarratais nó iarratais bhreise ag teastáil chun leas a bhaint astu. Ar an gcaoi chéanna, áiríonn an t-áireamhán CCF an faoiseamh go huathoibríoch agus an cháin mheasta á ríomh, má tá tú ag déanamh taighde ar fheithicil cháilitheach.

Hibrideach agus hibrideach plugála isteach

Chuaigh faoiseamh le haghaidh feithiclí Hibrideach agus Hibrideach plugála isteach in éag ar an 31 Nollaig 2020.

Feithiclí leictreacha agus gluaisrothair

Carranna sraith-tháirgthe paisinéirí nó tráchtála (catagóirí A agus B den CCF):

  • atá cumhachtaithe go heisiach ag mótar leictreach
  • agus
  • a cláraíodh roimh an 31 Nollaig 2025

atá incháilithe le haghaidh faoisimh ó CCF suas le suim uasta €5,000.

Tabharfar faoiseamh suas le €5,000 d’fheithiclí a bhfuil Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) de suas le €40,000 orthu. Gheobhaidh feithiclí a bhfuil PDMO níos mó ná €40,000 ach níos lú ná €50,000 acu leibhéal laghdaithe faoisimh. Baineadh faoisimh d’aon fheithiclí leictreacha os cionn €50,000.

Tá gluaisrothair leictreacha sraith-tháirgthe díolmhaithe ó CCF go dtí an 31 Nollaig 2025.

Ríomhanna samplacha den CCF inmhuirir i leith feithiclí leictreacha

Sampla 1

Praghas Díola ar an Margadh Oscailte: €40,000

CCF ríofa ag 7%: €2,800

Lúide faoiseamh (faoi réir uasteorainn €5,000): €2,800

CCF Iníoctha: €0

Sampla 2

Praghas Díola ar an Margadh Oscailte: €30,000

CCF ríofa ag 7%: €2,100

Lúide faoiseamh (faoi réir uasteorainn €5,000): €2,100

CCF Iníoctha: €0

 

Ar aghaidh: Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine