An Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS)

Léargas ginearálta

Is córas ríomhaire é EMCS chun gluaiseacht earraí inmháil dleachta ar fionraí agus earraí inmháil ar íocadh dleacht a éascú laistigh den Aontas Eorpach (AE). Tá sonraí na coinsíneachta sa Cháipéis Riaracháin leictreonach (e-AD), le haghaidh gluaiseachtaí dleachta ar fionraí.

Malartóidh coimeádaithe trádstórais e-ADanna le coimeádaithe trádstórais agus trádálaithe eacnamaíocha i riaracháin náisiúnta eile an AE. Tá sonraí uile na coinsíneachta sa Cháipéis Riaracháin Simplithe leictreonach (e-SAD), le haghaidh gluaiseachtaí dleachta íoctha. Malartaítear na sonraí sin freisin idir na riaracháin náisiúnta lena mbaineann.

Tabhair do d'aire

Tá tuilleadh eolais faoi na hathruithe ar ghluaiseacht earraí inmháil agus an tionchar ar thrádálaithe ar fáil sa chur i láthair seo, Export of Excisable Goods EMCS/AES – Overview of the Main Changes Impacting Traders.

Ar aghaidh: An Córas um Mhalartú Sonraí Máil (SEED)