Ceadúnas Aeradróim
Léargas ginearálta
Tabhair do d’aire:
Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.
Faoin gceadúnas Aeradróim, ceadaítear alcól a dhíol lena ól san áitreabh ceadúnaithe in aerfort, nó ar shiúl uaidh. Ní fhéadtar díolacháin a dhéanamh ach amháin:
- le paisineirí a thagann isteach
- nó
- a fhágann
ar eitiltí 80km ar a laghad le seirbhís iompair aeir údaraithe.
Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an bhliain cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar an 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.
Tá costas €500 sa bhliain ar an gceadúnas seo.
Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Aeradróim