Ceadúnas Aeradróim

Deimhniú um Cheadú ón Aire

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Ní mór deimhniú a eisítear faoi fhorálacha Alt 25 (1) den Acht Deochanna Meisciúla, 1943 a fháil le haghaidh gach iarratas ar Cheadúnas Aeradróim. Féadtar an deimhniú seo a fháil ó Oifig an Aire Iompair. Ní mór duit an deimhniú seo a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim don chéad iarratas. Beidh deimhniú ag teastáil uait chomh maith le haghaidh gach uair a dhéantar an Ceadúnas Aeradróim a athnuachan.