Ceadúnas Déantóra

Léargas ginearálta

Faoi Cheadúnas Déantóra, ceadaítear na deochanna meisciúla a dhéanamh dá dtagraítear. Ceadaítear chomh maith deochanna meisciúla monaraithe a mhórdhíol ó áitreabh an mhonaraithe.

Tá an ceadúnas seo riachtanach do ghrúdairí, déantóirí leanna úll, driogairí, ceartaitheoirí nó cumascóirí agus déantóirí deochanna meisciúla milsithe.

Is iad seo a leanas na catagóirí Ceadúnais Déantóra:

  • Ceadúnas Déantóra - Grúdaire
  • Ceadúnas Déantóra - Déantóir Leanna Úll
  • Ceadúnas Déantóra - Cumascóir Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra - Driogaire Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra - Ceartaitheoir Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra - Déantóir Deochanna Meisciúla Milsithe
  • Ceadúnas Déantóra – Biotáille Meitilithe
  • Ceadúnas do Dhéantóir nó Ceimiceoir & Drugadóir Mórdhíola chun Biotáille a dhíol.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin.

Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

Tá costas €500 sa bhliain ar gach ceann de na ceadúnais seo.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Déantóra