Ceadúnas d'Institiúidí Náisiúnta Cultúir

Léargas ginearálta

Foráiltear faoin Acht um Institiúidí Náisiúnta Cultúir, 1997 go bhféadann institiúidí áirithe cultúir Ar-Cheadúnas Biotáille a bheith acu. Faoin gceadúnas seo, ceadaítear alcól a dhíol lena ól san áitreabh.

Institiúidí ina bhféadtar an ceadúnas a úsáid:

  • Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath
  • Áiléar Crawford, Plás Emmet, Corcaigh
  • Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath, The Hugh Lane, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath
  • Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 
  • Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
  • Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
  • Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
  • Iarsmalann Hunt, Teach an Chustaim, Luimneach
  • Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna. 

Tá costas €500 sa bhliain ar gach ceann de na ceadúnais seo.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas d'Institiúidí Náisiúnta Cultúir