Ceadúnas Árthaigh Phaisinéara

Léargas ginearálta

Féadfaidh sealbhóir Ceadúnas Árthaigh Phaisinéara alcól a dhíol le paisinéirí lena ól ar a mbád nó soitheach. Baineann an ceadúnas seo le soiteach a úsáidtear chun paisinéirí a iompar agus a thabhairt:

  • ó áit ar bith in Éirinn go háit eile in Éirinn
  • ó áit ar bith in Éirinn agus ag filleadh ar ais chuig an áit chéanna ar an lá céanna.

Tá dhá chineál ceadúnais ann:

  • ceadúnas bliantúil
  • ceadúnas lae. 

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse bhliantúil cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna. 

An costas ar Cheadúnas Bliantúil ná €500 sa bhliain.

An costas ar Cheadúnas Lae ná €50.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Árthaigh Phaisinéara