Ceadúnas Árthaigh Phaisinéara

An chéad iarratas ar Cheadúnas Árthaigh Phaisinéara

 (Próiseas iarratais 1 lae san áireamh)

Le haghaidh iarratas chéad uaire, beidh ort an méid seo a leanas a thíolacadh d’Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil:

  1. Iarratas ar Cheadúnas Árthach Paisinéirí comhlánaithe.
  2. Deimhniú de d’údarú faoin Acht Loingis Cheannaíochta.
  3. Cruthúnas ar úinéireacht.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat.Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí, agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Ceadúnas Árthach Phaisinéara a athnuachan