Táille ceadúnais máil a íoc
Ar líne
Féadtar d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc trí úsáid a bhaint as Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Chun cabhair a fháil, féach an Licences User Guide do ROS.
Cad a theastaíonn uait chun rochtain a fháil ar an tseirbhís
Chun teacht ar an tseirbhís seo, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- d’uimhir tagartha ceadúnais
- Seirbhís ar Líne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) Treoir Dochair (RDI)
- agus
- imréiteach cánach agus na doiciméid atá ar an liostaithe ar d'fhógra.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Tá an tseirbhís seo ar fáil trí ROS, ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:
- Cliceáil ar an rannán 'Mo Sheirbhísí' ó phríomhroghchlár ROS.
- Sa rannán ‘Tíolaic tuairisceán’, roghnaigh an cineál tuairisceáin ‘Ceadúnas Máil’.
- Roghnaigh ‘Athnuachan Ceadúnais Máil’.
- Ticeáil le cinntiú gur tú an sealbhóir ceadúnais agus go bhfuil na doiciméid atá liostaithe agat.
- Údaraigh an íocaíocht.
Tríd an bpost
Is féidir leat d'iarratas ar cheadúnas a sheoladh isteach agus an táille a íoc tríd an bpost freisin. Beidh ort an duillín pá atá suite ag bun d’Fhógra Iarratais nó d’Fhógra Athnuachana a chomhlánú. Ní mór íocaíocht a dhéanamh le seic nó le dréacht bainc, iníoctha chuig an Ard-Bhailitheoir, agus an clúdach litreach réamhíoctha a úsáid.