Ceadúnas Amharclainne

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Tá tú i dteideal mar shealbhóir Ceadúnais (Gnáthcheadúnas) Tábhairneora Amharclainne, alcól a dhíol le linn an ama shonraithe leis na daoine seo:

  • le daoine a d’íoc as suíocháin don léiriú atá ar siúl
  • agus
  • le fostaithe na hamharclainne.

Tosaíonn an t-am sonraithe 30 nóiméad roimh thús an léirithe agus críochnaíonn 30 nóiméad tar éis dheireadh an léirithe.

Féadfaidh sealbhóir an cheadúnais seo iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar orduithe speisialta díolúine agus ar áitreabh déanach a oibriú.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar an 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

Tá costas €500 sa bhliain ar an gceadúnas seo.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas (Gnáthcheadúnas) Tábhairneora le haghaidh Amharclainne