Ceadúnas Amharclainne

Ceadúnas Ceoil agus Amhránaíochta

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Rialaíonn an tAcht um leasú na nAchtanna Sláinte Poiblí, 1890:

  • ceol
  • amhránaíocht
  • agus
  • siamsaíocht phoiblí

a tharlaíonn in áiteanna atá ceadúnaithe le deochanna meisciúla a dhíol. 

Ós rud é go bhfuil úinéirí amharclainne sa ghrúpa seo, is gá duit Ceadúnas Ceoil agus Amhránaíochta a fháil le go mbeidh tú in ann iarratas ar Cheadúnas Amharclainne a dhéanamh. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche Bhliantúil um Cheadúnú. Nuair a fhaigheann tú do Dheimhniú Cúirte, ba chóir duit é a chur faoi bhráid na hOifige Náisiúnta um Cheadúnas Máil.

Is gá duit Ceadúnas Ceoil agus Amhránaíochta a fháil gach bliain chun do Cheadúnas (Gnáthcheadúnas) Tábhairneora le haghaidh Amharclainne a athnuachan.

Ar aghaidh: Sceideal na n-imeachtaí atá ag teacht aníos