Airgeadas Ioslamach

Is éard is brí le hairgeadas Ioslamach ná aon socraíochtaí airgeadais a chloíonn le prionsbail an dlí Sharia. Faoin dlí seo, tá cosc ar íocaíochtaí úis a dhéanamh nó a fháil.

Tá cuspóir den chineál céanna ag socraíochtaí airgeadais Ioslamacha is atá ag idirbhearta airgeadais eile, ach is minic struchtúr malartach a bheith acu (i leith fiachais). Féadfaidh sé go gcaithfí nó nach gcaithfí le hidirbhearta a chloíonn leis an dlí Sharia ar an gcaoi chéanna le gnáth-idirbhearta airgeadais cosúla ó thaobh substainte.

Braitheann sé seo ar chúinsí an idirbhirt airgeadais. Má chaitear go héagsúil leis an idirbheart, tugtar ‘idirbheart airgeadais sonraithe’ air.

Cuirtear na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi ‘idirbheart sonrach airgeadais’ trí cheann díobh seo a thíolacadh:

  • Foirm SFT1 a thíolacadh i gcás gnóthais airgeadais de réir Alt 267N den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997
  • Foirm SFT2 a thíolacadh i gcás cuideachta cháilitheach de réir Alt 267N den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Féach nótaí treorach na gCoimisinéirí Ioncaim ina leith seo in Tax and Duty Manual on the tax treatment of Islamic financial transactions le haghaidh eolais ar idirbhearta sonracha airgeadais.