Cáin Chorparáide

Léargas ginearálta

Ní mór do chuideachtaí atá cónaitheach in Éirinn Cáin Chorparáide a íoc ar a mbrabúis dhomhanda má áirítear sna mbrabúis seo ioncam agus gnóthachain chaipitiúla araon.

Ní mór do chuideachtaí neamhchónaitheacha Cáin Chorparáide a íoc chomh maith más rud é:

  • go ndéanann siad trádáil trí bhrainse nó gníomhaireacht in Éirinn
  • go bhfaigheann siad brabúis nó gnóthachain i leith maoin chónaithe in Éirinn

Is de réir na rialacha Cánach Ioncaim a ghearrtar an Cháin Chorparáide a íocann cuideachtaí. Déantar gnóthachain inmhuirir a ríomh de réir na rialacha Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC).

Ní mór do chuideachtaí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun a gcuid tuairisceán a thíolacadh agus aon cháin atá dlite a íoc faoin gcóras ríomh-thíolactha agus ríomh-íoca éigeantach.

Tugann an rannán íoca agus tíolactha Cánach Corparáide eolas ar an gcaoi a n-íocann agus a dtíolacann cuideachtaí a gCáin Chorparáide.

Ar aghaidh: Bonn muirir