Cáin Chorparáide

Dlúthchuideachtaí

Is dlúthchuideachta í cuideachta atá cónaitheach in Éirinn agus tá á rialú

  • ag cúigear nó níos lú rannpháirtithe
  • nó
  • ag rannpháirtithe ar stiúrthóirí iad fiú má tá níos mó ná cúigear acu ann.

Is rannpháirtí é duine a bhfuil scair nó leas acu i gcaipiteal nó in ioncam cuideachta agus folaíonn sé duine:

  • a bhfuil scairchaipiteal, cearta vótála nó caipiteal iasachta acu sa chuideachta
  • a bhfuil cearta chun aon dáiltí cuideachta acu
  • a fhéadann sócmhainní nó ioncam na cuideachta a úsáid go díreach nó go hindíreach dá leas féin (Baineann sé seo le hioncam agus sócmhainní reatha nó amach anseo).

Féach Part 13 of Revenue's Tax and Duty Manuals le haghaidh tuilleadh eolais ar dhlúthchuideachtaí.

Ar aghaidh: Liúntais chaipitiúla agus asbhaintí