Díolúine chánach do charthanais

Léargas ginearálta

Féadtar cur isteach ar dhíolúine chánach más carthanas thú atá cláriathe leis an Rialálaí Carthanas.

Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh sé go bhfuil tú díolmhaithe ón méid seo a leanas a íoc:

Tabhair do d'aire

Chun leas a bhaint as díolúine ó CCÚT, CID nó CISG, ní mór duit do stádas díolmhaithe ó cháin a chur in iúl don institiúid airgeadais, nó an tríú páirtí ábhartha chun a chinntiú nach ndéantar cáin a asbhaint. 

Má tá fostaithe ag do charthanas, beidh ort Cáin Ioncaim a íoc faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Féach an Treoir maidir le hÍoc Mar a Thuillir (ÍMAT) sa rannán Daoine a fhostú ar ár suíomh idirlín.

Níl díolúine ghinearálta ó Cháin Bhreisluacha (CBL) ann do charthanais. É sin ráite, féadfaidh carthanais leas a bhaint as an Scéim Cúitimh CBL do charthanais.

Féadtar tuilleadh eolais ghinearálta a fháil maidir le CBL.

Coinníonn an Rialálaí Carthanas liosta de na carthanais uile atá cláraithe in Éirinn.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach do charthanais