Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil – CFC)

Léargas ginearálta

Is cáin í an CFC a ghearrtar ar bhronntanais agus oidhreachtaí. Féadfaidh sé go bhfaigheann tú bronntanais agus oidhreachtaí suas le luach socraithe thar do shaol sula mbíonn ort CFC a íoc. Nuair atá sé dlite, gearrtar é ag an ráta reatha 33% (bailí ón 6 Nollaig 2012). Le haghaidh tuilleadh eolais ar na rátaí a bhí ann roimhe seo, féach Tairseacha, rátaí agus rialacha CFC.

Tugtar an diúscróir ar an duine a thugann an bronntanas nó an oidhreacht duit.

Tugtar an tairbhí ar an duine a fhaigheann an bronntanas nó an oidhreacht.

Chun sainmhínithe dlíthiúla iomlána a fháil, féach an gluais sa Guide to completing a Statement of Affairs (Probate) Form SA.2.

Ar aghaidh: Céard air a íoctar CFC?