Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil – CFC)

Céard iad na muirir i leith tíolacadh déanach?

Tá muirear i gceist le tuairisceán a thíolactar go déanach. Braitheann an formhuirear atá ina chéatadán den Cháin Fáltais Chaipitiúil atá dlite don bhliain sin, ar cé chomh déanach is atá an tuairisceán.

Feidhmítear 5% den cháin (suas le huasmhéid €12,695) maidir le tíolacadh a dhéantar roimh atá sé 2 mhí déanach.

Feidhmítear 10% den cháin (suas le huasmhéid €63,485) maidir le tíolacadh a dhéantar atá níos mó ná 2 mhí déanach.

Ina theannta sin, féadfaidh sé go mbeidh ort na rátaí úis laethúla seo a íoc ar íocaíochtaí déanacha:

Rátaí úis laethúla i gcás íocaíocht dhéanach
Tréimhse Luachála% Ús dlite
31 Márta 1976 go 31 Iúil 1978 0.0492%
1 Lúnasa 1978 go 31 Márta 1998 0.0410%
1 Aibreán 1998 go 31 Márta 2005 0.0322%
1 Aibreán 2005 go 30 Meitheamh 2009 0.0273%
1 Iúil 2009 go dtí an dáta íocaíochta 0.0219%

Baineann ráta laghdaithe úis nuair atá Cáin Fáltas Caipitiúil atá dlite ar mhaoin talmhaíochta agus maoin gnó ábhartha á íoc i dtráthíocaíochtaí.

Tréimhse LuachálaÚs dlite
8 Feabhra 1995 go 31 Márta 1998 0.0307%
1 Aibreán 1998 go 31 Márta 2005 0.0241%
1 Aibreán 2005 go 30 Meitheamh 2009 0.0204%
1 Iúil 2009 go dtí an dáta íocaíochta 0.0164%

Má tá íocaíocht tráthíocaíochta dlite thar téarma, téann ann ráta úis ar ais chuig an gnáthráta laethúil.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar CFC?