Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil – CFC)

Seilbh chodarsna

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú talamh i seilbh chodarsna (ar a dtugtar cearta suiteoirí go minic). Má fhaigheann, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun an Údaráis Clárúcháin Maoine (PRA) chun bheith cláraithe mar úinéir faoi na Rialacha Clárúcháin Talaimh, 1972.

Sula bhféadtar an teideal a chlárú, ní mór Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat i leith Cáin Fáltas Caipitiúil, is é sin Foirm CA12a. Tá Foirm I.T. 76 Féin-Deimhnithe ann chomh maith a fhéadann dlíodóirí a úsáid i gcásanna go bhfuil an mhaoin atá i gceist faoi luach áirithe.