Cáin Bhronntanais agus Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil – CFC)
Cumhachtaí cúlghairme
I gcás bronntanais atá faoi réir cumhachta cúlghairme, ciallaíonn sé go bhfuil an ceart ag an duine a thugann an bronntanas, an bronntanas sin a chúlghairm. Ní bheidh aon Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC) dlite sa chás seo.
Beidh CFC iníoctha má dhéanann an duine a thug an bronntanas ceachtar díobh seo:
- má scaoileann sé nó sí an chumhacht cúlghairme seo agus go má éiríonn sé de bheith mar bhronntanas iomlán chun críocha CFC
- nó
- má fhaigheann sé nó sí bás agus má théann an chumhacht chúlghairme in éag.
Má tá saor-úsáid agat as maoin atá faoi réir cumhachta cúlghairme, féadfaidh muirear CFC teacht chun cinn.
Measfar go dtógtar an sochar ar an 31 Nollaig de gach bliain a bhfuil saor-úsáid agat as an maoin. Mar sin féin, má thagann deireadh le do shaor-úsáid, meastar go dtógtar an sochar an lá roimh deireadh na saor-úsáide.
Féadfaidh sé go mbeidh ort Tuairisceán CFC IT38 a thíolacadh má fhaigheann tú bronntanas atá faoi réir cumhachta cúlghairme. Chun tuilleadh eolais, féach ar Do Thuairisceán Cánach Bronntanais nó Oidhreachta a chomhlánú.
Sampla
Ar an 1 Eanáir 2022, aistríonn Eoghan a theach chuig a mhac Déaglán. Forchoimeádann sé an ceart an t-aistriú sin a chúlghairm. Mar sin féin, tá saor-úsáid na maoine ag Déaglán. Faigheann Eoghan bás ar an 30 Meitheamh 2024 gan úsáid a bhaint as an gcumhacht chúlghairme. Tar éis bhás Eoghain, rinneadh luacháil €300,000 ar an teach. Is é luach cíosa an mhargaidh ó Eanáir 2022 go Nollaig 2024 ná €20,000 sa bhliain.
Tá na sochair seo a leanas ag Déaglán gach bliain:
- ar an 31 Nollaig 2022, bronntanas €20,000 (mar go €20,000 a bhí le bheith mar chíos ar an maoin)
- ar an 31 Nollaig 2023, bronntanas €20,000 (mar atá thuas)
- ar an 29 Meitheamh 2024, bronntanas €10,000 (luach sé mhí den chíos bliantúil €20,000)
- ar an 30 Meitheamh 2024, oidhreacht €300,000 (is é seo luach iomlán an tí a fuair Déaglán).
Tar éis an Díolúine i leith Bronntanais Bheaga a cheadú, is é luach inchánach glan na bronntanas mar seo a leanas:
- €17,000 in 2022 (€20,000 - €3,000)
-€17,000 in 2023 (€20,000 - €3,000), agus
-€7,000 in 2024 (€10,000 - €3,000)
Cuirtear gach ceann de na bronntanais seo san áireamh chun críocha comhiomlánaithe.
Ag glacadh leis nár úsáid Déaglán aon chuid dá thairseach Ghrúpa A, ní thagann aon dliteanas cánach chun cinn maidir leis na bronntanais seo.
Mar sin féin, d'fhéadfadh dliteanas cánach teacht chun cinn do Dhéaglán i leith oidhreachta an tí ar 30 Meitheamh 2024.
Is é €335,000 an tairseach saor ó cháin is infheidhme i leith oidhreachta Dhéagláin. Ós rud é go sáraíonn oidhreacht Dhéagláin an tairseach sin, le comhiomlánú a bhronntanais roimhe seo ar luach €41,000 (€17,000 + €17,000 + €7,000), d'fhéadfadh dliteanas cánach teacht chun cinn.
Ar aghaidh: Seilbh chodarsna