Díolúine i leith Bronntanais Bheaga

Tá bronntanais suas le luach €3,000 a fhaigheann tú ó aon duine i mbliain féilire díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC). Ciallaíonn sé seo go bhféadtar bronntanas a ghlacadh ó roinnt daoine:

  • sa bhliain féilire chéanna
  • agus
  • tá an chéad €3,000 ó gach diúscróir díolmhaithe ó CFC.  

Ní chuirtear bronntanais de luach €3,000, mar atá leagtha amach thuas, san áireamh agus cáin á ríomh agus ní chuirtear san áireamh iad chun críocha comhiomlánaithe

Ní bhaineann an díolúine i leith bronntanais bheaga seo ach le bronntanais agus ní le hoidhreachtaí.

Cén chaoi le díolúine a éileamh

Ní theastaíonn Tuairisceán CFC chun an Díolúine i leith Bronntanais Bheaga a éileamh le haghaidh bronntanais bhliantúla suas le €3,000.  

Ní theastaíonn Tuairisceán CFC ach amháin nuair a sháraíonn luach incháinithe an bhronntanais 80% den ghrúpthairseach ábhartha. Ba chóir gach bronntanas agus oidhreacht incháinithe roimhe seo, a fuarthas laistigh den ghrúpthairseach chéanna ón 05 Nollaig 1991, a chur san áireamh sa ríomh seo.

Ansin laghdaítear luach incháinithe an bhronntanais faoin díolúine i leith bronntanais bheaga de luach €3,000.

Má iarrtar ort tíolacadh a dhéanamh, féadtar an Díolúine i leith Bronntanais Bheaga a éileamh trí Tuairisceán CFC Foirm IT38 a thíolacadh ar líne. Ba chóir é seo a dhéanamh trí MoChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadfaidh tú chomh maith Form IT38S a thíolacadh i gcúinsí áirithe.