Dáta luachála agus luach na sochar

Luach inchánach bronntanais nó oidhreachta

Chun an tsuim d’aon Cháin Fháltas Caipitiúil (CFC) iníoctha a ríomh, ní mór duit luach inchánach do bhronntanais nó d'oidhreachta a chinneadh.

Is ionann an luach inchánach agus luach margaidh an bhronntanais nó na hoidhreachta ar an dáta luachála lúide:

  • dliteanais nó costais a cheadaítear
  • aon chomaoin a íoctar in airgead nó i luach an airgid.

Agus luach inchánach an bhronntanais nó na hoidhreachta á ríomhadh, ní ceadaítear ach dliteanais nó costais a íocadh cheana a chur san áireamh.

Agus eastát á riaradh aige nó aici, ní foláir don ionadaí pearsanta costais agus dliteanas áirithe a íoc sula dáileann sé an chomaoin ar na tairbhí. D’fhéadfadh na nithe a leanas a bheith san áireamh leis seo:

  • costais sochraide
  • cáin de chuid an diúscróra nár íocadh roimh an mbás
  • dliteanas eile de chuid an diúscróra nár íocadh roimh an mbás, mar shampla, rótharraingt bainc nó morgáiste
  • costais a bhaineann le riaradh an eastáit
  • costais dlí
  • dliteanas Cháin Ioncaim nó Cháin Ghnóchan Caipitiúil a thagann chun cinn le linn riaradh an eastáit.

Go hiondúil, is ionann oidhreacht an iarmhair , nó cuid den iarmhar, agus an glanmhéid i ndiadh íocaíochta ar aon cheann de na nithe thuas luaite. Más amhlaidh go bhfuil na dliteanais íoctha ag an ionadaí pearsanta roimh ré, ní ceadmhach do na tairbhí iad a bhaint.

Tabhair do d'aire

Ní ceadmhach costais sochraide a éileamh faoin tuairisceán IT38 más amhlaidh gur íocadh na costais cheana mar chuid den phróiseas a bhaineann le riaradh an eastáit.

Más bronntanas atá i gceist, is iad seo a leanas na hasbhaintí a cheadaítear go hiondúil:

  • Dleacht Stampála
  • costais dlí.

Comaoin

Is asbhaint ceadaithe é comaoin íoctha agus luach inchánach bronntanais nó na oidhreachta á ríomhadh i gcás, faoi threoir an diúscróra, a ndéantar ceann de na nithe seo a leanas:

  • má íocann tú comaoin in airgead, nó i luach an airgid, leis an diúscróir nó le duine eile
  • má scaoileann tú le dliteanas an diúscróra
  • má íocann tú blianacht leis an diúscróir nó le duine eile.

Comaoin atá íoctha tar éis bronntanas nó oidhreacht inchánach a fháil, is ionann í i gcónaí agus méid áirithe atá níos lú ná luach margaidh iomlán na sócmhainne.

Dliteanas agus costais nach bhfuil asbhainteach

Tá dliteanais agus costais áirithe ann nach bhfuil asbhainteach, lena n-áirítear:

  • fiacha arna tabhú nuair is féidir aisíocaíocht a éileamh
  • fiacha atá le híoc ar dáta neamhchinnte san am amach anseo
  • fiacha áirithe maidir le maoin ar thalamh choigrích, nuair nach féidir cáin a ghearradh ach ar mhaoin atá in Éirinn
  • agus
  • fiacha a bhaineann le maoin díolmhaithe

Asbhaintí maidir le seirbhísí a cuireadh ar fáil

Má dhéanann tú asbhaint ó thaobh seirbhísí a cuireadh ar fáil ar mhaithe leis an diúscróir, ní foláir duit comhaontú infheidhmithe de réir dlí maidir leis na suimeanna ar a ndearna éileamh a thaispeáint. I measc na seirbhísí a bhaineann leis seo tá: aire a thabhairt don diúscróir agus é nó í tinn, siopadóireacht a dhéanamh thar a cheann, á thionlacan chuig an séipéal nó éileamh ar phá.

Ar aghaidh: Leas teoranta