Dáta luachála agus luach sochar

Cearta cónaitheachta

Breathnaítear ar cheart eisiach cónaitheachta mar leas teoranta chun críocha na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC). Le haghaidh tuilleadh eolais ar leasanna teoranta, féach ar an leathanach 'Leas Teoranta' sa rannán seo.

Is éard is ceart cónaitheachta ann ná ceart chun cónaí sa mhaoin sin amháin. Níl úsáid eisiach na maoine ceadaithe. Uaireanta folaíonn ceart cónaitheachta ceart tacaíochta agus cothabhála. Tá cearta cónaitheachta den chineál sin inmhuirir i leith CFC.

Féadtar úsáid a bhaint as moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán IT38 a thíolacadh.

Ríomhtar luach an chirt chónaithe de bhun tagartha don 'chuid cuí' de luach margaidh na maoine. Bain úsáid as an bhfoirmle (A × B) ÷ C sa chás go bhfuil:

  • (A) luach margaidh na maoine
  • (B) luach bliantúil an chirt chónaithe
  • (C) luach ligin na maoine in aghaidh na bliana.

Go praiticiúil, glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le 10% de luach margaidh na maoine mar luach margaidh cirt chónaithe. Glactar le luach 20% sa chás go bhfuil ceart cónaitheachta, agus tacaíochta agus cothabhála ann. 

Chun luach incháinithe an chirt a ríomh, bain úsáid as na táblaí i Schedule 1, Capital Acquisitions Tax Consolidation Act, 2003

Féadann tairbhí maoine a bhfuarthas ceart cónaitheachta ina leith, asbhaint a éileamh i leith an chirt sin.

Nuair a thagann deireadh leis an gceart cónaitheachta gearrfar muirear CFC eile ar thairbhí na maoine. Tá an muirear seo bunaithe ar luach margaidh an chirt chónaithe ar an dáta a thagann deireadh leis. Chun é seo a riamh, is gá an modh céanna a úsáideadh chun an asbhaint bhunaidh i leith an ceart a ríomh a úsáíd.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach CAT Part 25 - Rights of Residence.

Ar aghaidh: Blianachtaí agus íocaíochtaí peiriadacha eile