Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Léargas ginearálta

Chun CFC a ríomh, is gá fios a bheith agat cén tairseach, ráta cánach agus rialacha um chomhiomlánú a bhaineann le bronntanas nó oidhreacht. Chomh maith leis sin, is gá fios a bheith agat faoi dhá dháta thábhachtacha:

  • dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta, rud a chinneann an tairseach agus ráta cánach cuí
  • an dáta luachála, a chinneann an tréimhse íoca agus tíolactha chuí.

Tugtar míniú sa rannán seo ar na tairseacha, rátaí cánach agus rialacha um chomhiomlánú a bhaineann le bronntanas nó oidhreacht.

Ní mór do thairbhí Tuairisceán Féinmheasúnaithe IT38 Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) a dhéanamh má sháraíonn luach incháinithe an bhronntanais nó na hoidhreachta 80% den ghrúpthairseach chuí. Ní mór na bronntanais agus na hoidhreachtaí eile incháinithe uile a tógadh ó aon fhoinse sa ghrúpthairseach chéanna, ar an 5 Nollaig 1991 nó dá éis, a chur san áireamh.

Má tá faoiseamh talmhaíochta nó faoiseamh gnó á éileamh agat ar bhronntanas nó oidhreacht, áfach, ní mór duit tuairisceán CFC a thíolacadh. Beidh feidhm aige seo fiú mura sáraíonn luach iomlán incháinithe na sochar roimhe seo 80% den tairseach chuí nuair a chuirtear iad le luach incháinithe an tsochair cháilithigh reatha don fhaoiseamh.

Ar aghaidh: Dátaí tábhachtacha le haghaidh CFC