Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Grúpthairseacha CFC

Tá súim tairsí saor ó cháin ag gach grúpa CFC. Baineann an tairseach le hiomlán na sochar incháinithe a fuair tú sa ghrúpa sin. Ní mór luach incháinithe na mbronntanas agus na n-oidhreachtaí a fuarthas cheana sa ghrúpa céanna, ón 5 Nollaig 1991, a chur san áireamh.

Ní íoctar cáin ach ar luach bronntanais nó oidhreachta os cionn shuim na grúpthairsí saor ó cháin.

Tairseacha saor ó cháin is infheidhme ó 7 Nollaig 2011

 

Grúpa A

Grúpa B

Grúpa C

Ar an 2 Deireadh Fómhair 2024, nó dá éis

€400,000

€40,000

€20,000

 9 Deireadh Fómhair 2019 – 1 Deireadh Fómhair 2024

€335,000

€32,500

€16,250

10 Deireadh Fómhair 2018 – 8 Deireadh Fómhair 2019

€320,000

€32,500

€16,250

12 Deireadh Fómhair 2016 – 9 Deireadh Fómhair 2018

€310,000

€32,500

€16,250

14 Deireadh Fómhair 2015 – 11 Deireadh Fómhair 2016

€280,000

€30,150

€15,075

6 Nollaig 2012 – 13 Deireadh Fómhair 2015

€225,000

€30,150

€15,075

7 Nollaig 2011 – 5 Nollaig 2012

€250,000

€33,500

€16,750

Ar aghaidh: Grúpaí stairiúla CFC, grúpthairseacha agus rátaí