Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Grúpaí stairiúla CFC, grúpthairseacha agus rátaí

Tabhair do d’aire

Tá oidhreachtaí a ghlac céile ar an 30 Eanáir 1985 nó dá éis díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CAT). Tá bronntanais a fuair céile ar an 31 Eanáir 1990 nó dá éis díolmhaithe ó CAT.

Tugadh páirtnéirí sibhialta isteach sna díolúintí seo in 2011, i ndiadh an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta.

Grúpaí stairiúla CFC, grúpthairseacha agus rátaí tar éis 26 Márta 1984

Grúpa A

Baineann tairseach Ghrúpa A le:

  • leanbh de chuid an diúscróra
  • leanbh mionaoiseach le leanbh básaithe an diúscróra (bronntanas nó oidhreacht ó sheantuismitheoir go dtí garpháiste, sa chás go bhfuair tuismitheoir – is é sin leanbh an tseantuismitheora – bás)
  • tuismitheoir an diúscróra, sa chás gur leas iomlán é an leas a tógadh (seachas leas teoranta) agus gur tógadh an oidhreacht ar bhás an diúscróra (leanbh an tairbhí)
  • céile le haghaidh:
    • oidhreachtaí a ghlactar roimh 30 Eanáir 1985
    • bronntanais tugtha roimh 31 Eanáir 1990.

Grúpa B

Baineann tairseach Ghrúpa B le:

  • tuismitheoir an diúscróra, i gcás bronntanas nó leas teoranta
  • deartháir nó deirfiúr de chuid an diúscróra
  • leanbh de deartháir nó deirfiúr de chuid an diúscróra
  • seantuismitheoir (dírshinsear) de chuid an diúscróra
  • garpháiste (dírshinsear) de chuid an diúscróra (seachas leanbh mionaoiseach le leanbh básaithe).

Grúpa C

Baineann Grúpa C le duine a bhfuil gaol aige nó aici leis an diúscróir agus nach bhfuil clúdaithe cheana féin i nGrúpaí A nó B.

Tabhair do d’aire

Gearrtar Cáin Bhronntanais ag 75% de na rátaí thíos.

Mar shampla, má rinne tú an cháin a ríomh ag úsáid na rátaí thíos mar €20,000, is é an Cháin Bhronntanais ar shochar ná €15,000 (€ 20,000 x 75%).

Táblaí agus rátaí stairiúla CFC ar an 26 Márta 1984 nó roimhe

Tábla 1

Baineann tairseach Tábla 1 le:

  • céile de chuid an diúscróra
  • leanbh de chuid an diúscróra
  • leanbh mionaoiseach le leanbh básaithe an diúscróra (bronntanas nó oidhreacht ó sheantuismitheoir go dtí garpháiste, sa chás go bhfuair tuismitheoir – is é sin leanbh an tseantuismitheora – bás}
  • tuismitheoir an diúscróra, ar oidhreacht a tógadh ar an 2 Meitheamh 1982 nó dá éis agus:
    • is leas iomlán an leas a tógadh (seachas leas teoranta)
    • agus
    • gur tógadh an oidhreacht ar bhás an diúscróra (leanbh leis an tairbhí).

Tábla 2

Baineann Tábla 2 le:
  • tuismitheoir an diúscróra, ar oidhreacht a tógadh roimh an 2 Meitheamh 1982 agus:
    • is leas iomlán an leas a tógadh (seachas leas teoranta)
    • agus
    • gur tógadh an oidhreacht ar bhás an diúscróra (leanbh leis an tairbhí)
  • tuismitheoir an diúscróra, i gcás bronntanas nó leas teoranta
  • Seantuismitheoir nó sin-seantuismitheoir de chuid an diúscróra (ní áirítear gaol in Tabla 1)
  • Gar-pháiste nó leanbh le garpháiste an diúscróra
  • dírshinsear nó dírshliochtach de chuid an diúscróra.

Tábla 3

Baineann Tábla 3 le:
  • deartháir, nó deirfiúr de chuid an diúscróra
  • Leanbh le deartháir nó deirfiúr de chuid an diúscróra.

Tábla 4

Baineann tairseach Tábla 4 le duine a bhfuil caidreamh acu leis an diúscróir agus nach bhfuil clúdaithe cheana féin i nGrúpaí 1, 2 nó 3.