Do thuairisceán cánach bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)

Léargas ginearálta

Má fhaightear bronntanas nó oidhreacht, féadfaidh sé go bhfuil dualgas ort Foirm IT38 a thíolacadh agus Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) a íoc.

Gearrtar CFC ar bhronntanais agus oidhreachtaí atá incháinithe in Éirinn má tá aon cheann de na trí choinníollacha seo a leanas i gceist:

  • má tá an diúscróir cónaitheach, nó gnáthchónaitheach, in Éirinn chun críocha cánach
  • má tá an tairbhí cónaitheach, nó gnáthchónaitheach, in Éirinn chun críocha cánach
  • má tá an mhaoin suite in Éirinn.

Féadfaidh eisceacht ón méid thuas a bheith i bhfeidhm sna cásanna seo:

  • má fhaigheann tairbhí atá cónaitheach in Éirinn maoin suite go heachtrach sna Stáit Aontaithe ó diúscróir sainchónaitheach sna Stáit Aontaithe. Níl feidhm leis an díolúine seo ach amháin i leith cáin oidhreachta.
  • má tá duine sainchónaitheach go heachtrach.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach Taxation of Foreign Property.

Tairbhithe neamhchónaitheacha

Féadfaidh sé gur gá duit Foirm IT38 a thíolacadh mura bhfuil tú cónaitheach chun críocha cánach in Éirinn. Má dhéanann tú é seo, féadtar:

  • é seo a thíolacadh tú féin
  • gníomhaire a fhostú, amhail dlíodóir, atá cónaitheach in Éirinn chun íoc agus tíolacadh a dhéanamh ar do shon.

Déan teagmháil leis an Rannóg Seirbhísí Aitheantais Cliant sa Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sa chás go bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ag teastáil le haghaidh an mhéid seo:

  • duine nach maireann
  • duine atá cónaitheach thar lear.

Glaoigh ar (071) 967 2616 nó ar (353) 71 967 2616 más ag glaoch ó áit taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann atá tú.

Teastóidh faisnéis aitheantais sula bhféadtar UPSP a eisiúint.

Ar aghaidh: Dualgais tíolactha do thairbhithe