Do thuairisceán cánach bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)

Céard is séanadh sochair ann?

Má fhaigheann tú oidhreacht agus má chinneann tú gan glacadh leis, féadfaidh tú an sochar a shéanadh. Má dhéanann tú séanadh, níl ort Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) a íoc. Ní mór an sochar a shéanadh sula nglacann tú leis nó sula dtógann tú seilbh air.

Má shéanann tú tiomnacht faoi uacht, tagann an mhaoin sin faoi iarmhar an eastáit. Féadtar tiomnachtaí sonracha faoi uacht a shéanadh agus glacadh le cinn eile.

Má dhéanann leagáidí iarmharach séanadh, dáiltear an t-iarmhar amhail go raibh díthiomnacht faoi rialacha díthiomnachta. Má fhaigheann tú leas in iarmhar eastáit, ní fhéadtar séanadh i bpáirt a dhéanamh.

Is éard is iarmhar ann ná an sciar d’eastát duine éagtha atá fanta tar éis na fiachais, costais riarachán agus tiomnachtaí uile a íoc.

Má shéantar leas saoil nó leas teoranta eile brostaítear an leas iarmhair. Ciallaíonn sé seo go dtógann an fuíollaí leas iomlán sa maoin.

Má fuair nascthionóntaí sochar, ní fhéadann duine as beirt nascthionóntaí nó níos mó a séanadh a dhéanamh. D’fhonn a bheith ina shéanadh ní mór do na nascthionóntaí uile séanadh.

Nuair a shéanann tú sochar, ní fhéadtar a shonrú céard atá le tarlú leis an sochar sin. Má aistríonn tú do leas chuig duine eile, ní séanadh atá ann agus féadfaidh sé go mbeidh ort féin agus ar an duine sin CFC a íoc.

Féadtar an sochar a thabhairt suas agus íocaíocht a fháil ina leith. Éireoidh an íocaíocht ansin de bheith ina hoidhreacht. Féadfaidh sé go mbeidh ort CFC a íoc i leith na híocaíochta sin.

Sampla 1

Fuair Seán bás ar an 10 Eanáir 2016. Faoina uacht, d’fhág sé €60,000 dá dheartháir, Micheál. D’fhág sé an chuid eile dá eastát dá iníon, Máire.

Chinn Micheál gan glacadh leis an €60,000. Éiríonn an €60,000 mar chuid d’iarmhar an eastáit agus faigheann Máire le hoidhreacht é.

Níl ar Mhicheál CFC a íoc, mar gheall gur shéan sé an sochar.

Faigheann Máire an t-eastát uile le hoidhreacht óna hathair agus ní fhaigheann sí aon sochar ó Mhicheál.

Sampla 2

Fuair Máirín, ar baintreach í, bás ar an 12 Márta 2017, agus d’fhág sí a heastát go cothrom lena triúr leanaí, Naoise, Seán agus Máire.

Shéan Naoise, a bhfuil cónaí air thar lear, a sciarsan. Aistrítear an sciar seo go cothrom chuig Seán agus Máire.

Sampla 3

Fuair Fionnuala teach le hoidhreacht óna haintín, Nóra, ach shéan sí an oidhreacht i bhfabhar a dearthár, Tomás.

Ós rud é nach bhféadtar sochar a thabhairt suas i bhfabhar duine eile, tá an dá rud seo a leanas i gceist:

is oidhreacht é tógtha ag Fionnuala ó Nóra

agus

is bronntanas ar leithligh é ó Fhionnuala do Thomás.

Tá Cáin Oidhreachta agus Cáin Bhronntanais araon dlite sa chás seo.

Sampla 4

Fuair Pádraig bás agus d’fhág sé a fheirm, ar fiú luach €350,000 é, dá mhac, Roibeárd. D’fhág sé an chuid atá fanta dá eastát dá iníon, Síle.

Níl aon suim ag Roibeárd san fheirmeoireacht, mar sin chinn sé an fheirm a shéanadh agus ina áit sin thóg sé íocaíocht €250,000 ón eastát.

Caitear le Roibeárd amhail go bhfuair sé €250,000 le hoidhreacht óna athair.

Caitear le Síle amhail gur thóg sí an fheirm agus an chuid atá fanta den eastát le hoidhreacht, lúide an €250,000 ag dul go Roibeárd.