Do thuairisceán cánach bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)

Cén chaoi le do Cháin Fháltais Chaipitiúla (CFC) a íoc ar líne

Custaiméirí atá cláraithe le haghaidhSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Má tá deimhniú digiteach caighdeánach á úsáid agat, féadtar íocaíocht a dhéanamh ar na bealaí seo:

Custaiméirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS.

Féadtar d’íocaíocht a dhéanamh trí:

  • moChúrsaí
  • Treoir dochair aonair
  • Cárta creidmheasa nó dochair.

Gníomhairí agus dlíodóirí

Féach roghanna íocaíochtas má tá tuairisceán CCF á dtíolacadh agat thar ceann do chliaint.

Custaiméirí neamhchónaitheach

Más neamhchónaitheoir thú, agus mura bhfuil cuntas bainc agat atá inrochtana ag SEPA, féadtar íocaíocht a dhéanamh le Ríomhaistriú Airgid.

Ba chóir íocaíochtaí Ríomhaistrithe Airgid a dhéanamh leis na sonraí seo:

Office of the Revenue Commissioners – UTD EFT – Public Bank Account
Danske Bank
Teach Idirnáisiúnta
3 Plás Mháistir an Chuain
IFSC
Baile Átha Cliath 1

IBAN: IE37DABA95159920003514
BIC: DABAIE2D

Ní mór duit d’ainm agus d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a chur san áireamh nuair atá tú ag íoc le Ríomhaistriú Airgid. Tá sé amhlaidh seo le cinntiú go ndéantar leithdháileadh ceart agus pras ar na cistí chun do thaifid custaiméara.

Chomh luath agus a dhéanann tú an íocaíocht, seol ríomhphost chuig moneytrans@revenue.ie agus na sonraí seo a leanas san áireamh ann:

  • ainm an chustaméara
  • UPSP
  • suim na híocaíochta
  • más i leith Cáin Bhronntanais nó Cáin Oidhreachta atá an íocaíocht
  • agus
  • an tréimhse atá clúdaithe ag an íocaíocht.

Ar aghaidh: Céard is séanadh sochair ann?