Do thuairisceán cánach bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)

Tíolaic sochair bhreise nó leasaigh tuairisceán tíolactha

Tuairisceán le sochair bhreise nó tuairisceán a leasú (Foirm ar Líne IT38)

I gcásanna áirithe, féadfaidh sé go mbeidh ort tuairisceán Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) leasaithe a thíolacadh, mar shampla:

  • tuigeann tú go raibh earráid nó easnamh i do thuairisceán bunaidh
  • tar éis duit tuairisceán CFC a thíolacadh, faigheann tú bronntanas eile nó oidhreacht le dáta luachála sa tréimshe tíolactha chéanna
    • ó dhiúscróir difriúil
    • ón diúscróir céanna, ach le dáta luachála difriúil.

Iarrfar foirm IT38 nua a chuireann gach bronntanas agus oidhreacht san áireamh don tréimshe tíolactha. Chun tuairisceán CFC a leasú, úsáid ceachtar rogha ‘Diúscróir a chur leis/a chur in eagar’ nó ‘Maoin a chur leis/a chur in eagar’ de réir mar is cuí.

Féadfaidh sé go bhfuil tuairisceán CFC ullmhaithe agus sábháilte agat trí fheidhmchlár as líne ROS a úsáid. Féadfaidh tú é seo a úsáid má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht breise, nó más gá duit earráid nó easnamh a leasú. Féadtar nóta míniúcháin a chur isteach sa rannán ‘Nótaí Breise’ ar an tuairisceán.

Cuirfear CFC a íocadh mar thoradh ar an tuairisceán bunaidh tíolactha chun sochair do do dhliteanas athbhreithnithe go huathoibríoch.

Tabhair do d’aire:

Ní féidir ach tuairisceán gníomhach CFC amháin a bheith ann, ag aon am, i dtréimhse tíolactha. Má thíolactar an dara tuairisceán nó ceann ina dhiaidh sin, déanfar forscríobh ar an tuairisceán a tíolacadh roimhe don tréimhse tíolactha sin. Dá bhrí sin, ta sé riachtanach gach sochar a fuarthas a chur san áireamh sa tuairisceán CFC athbhreithnithe.

Tuairisceán le sochair bhreise nó tuairisceán a leasú (Foirm Páipéir IT38S)

Féadtar IT38S Páipéir a thíolacadh:

  • mura bhfuil faoisimh, díolúintí nó creidmheasanna á n-éileamh agat, seachas an Díolúine i leith Bronntanais Bheaga
  • mura bhfuil coinníollacha nó srianta ag baint leis an sochar a fuair tú
  • agus
  • más ó dhuine a fuarthas an mhaoin agus nach cuid de shochar níos mó atá sí.

Mar a bhaineann le tuairisceán CFC athbhreithnithe a tíolacadh ar líne, caithfear gach sochar a chur san áireamh ar Fhoirm IT38S leasaithe. Ba chóir nóta míniúcháin a chur isteach le do thuairisceán.

Cuirfear CFC a íocadh mar thoradh ar an tuairisceán bunaidh tíolactha chun sochair do do dhliteanas athbhreithnithe go huathoibríoch.

Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha thuas, iarrfar ort tuairisceán leasaithe a thíolacadh ar líne ag baint úsáid as moChúrsaí nó ROS.

Ar aghaidh: Léirithe amhrais