Do thuairisceán Cánach Bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)
Cén chaoi le tíolacadh?
Chun tuairisceán Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) a thíolacadh ar líne, ní mór duit ar dtús clárú le haghaidh CFC leis na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar féin clárú le haghaidh CFC trí moChúrsaí ach na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:
- Lógáil isteach ar moChúrsaí.
- Téigh chuig an bpainéal ‘Bainistigh Mo Thaifead’.
- Roghnaigh ‘Clárúcháin Cánacha Gnó’.
- Ar an scáileán clárúcháin feicfidh tú CFC mar rogha - roghnaigh 'Cláraigh' le haghaidh CFC.
- Cláróidh an córas tú le haghaidh CFC ó dháta an chórais réamhshocraithe.
Má cuireadh deireadh le do chlárúchán le haghaidh CFC roimhe seo, tabharfar an rogha duit athchlárú. Déanfaidh an córas tú a athchlárú go huathoibríoch ón lá tar éis a cuireadh deireadh le do chlárú roimhe sin.
Chun do thuairisceán IT38 a thíolacadh bain úsáid as moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ríomhfaidh an dá cheann díobh an cháin duit bunaithe ar an bhfaisnéis a thugann tú.
Féadtar tuairisceán Foirm IT38 gearr simplithe a thíolacadh ar líne freisin. Ní féidir an fhoirm1T38 ghearr, leaganacha ar líne agus leaganacha páipéir araon, a úsáid ach amháin sna cásanna seo a leanas:
- mura bhfuil faoisimh, díolúintí nó creidmheasanna á n-éileamh agat, seachas an Díolúine i leith Bronntanais Bheaga
- mura bhfuil coinníollacha nó srianta ag baint leis an sochar a fuair tú
- agus
- más ó dhuine a fuarthas an mhaoin agus nach cuid de shochar níos mó atá sí.
I roinnt cásanna, má ainmnítear thú mar dhuine a fuair bronntanas nó oidhreacht, féadtar fógra a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirfidh sé seo do chuid dualgais íoca agus tíolactha in iúl duit.
Murar gá duit tuairisceán Foirm IT38 a thíolacadh ag an am sin, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i scríbhinn nó trí M’Fhiosruithe maidir leis an gcúis.
Féadtar an tuairisceán Foirm IT38 a thíolacadh agus an cháin a íoc roimh an spriocdháta chun formhuirear nó táillí úis a sheachaint.
Cén t-eolas a theastóidh uait?
Chun Foirm IT38 nó IT38S a thíolacadh ar líne, beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:
- ainm, seoladh agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an diúscróra agus an tairbhí
- an gaol idir an diúscróir agus an tairbhí
- sonraí ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht
- sonraí maidir le bronntanais nó oidhreachtaí roimhe a fuarthas ar an 5 Nollaig 1991 nó dá éis
- agus
- na dátaí cuí uile.
Tíolacadh a dhéanamh trí moChúrsaí
Nuair atá tú cláraithe, sínigh isteach ar moChúrsaí agus déan an méid seo a leanas:
- Téigh chuig ‘Bronntanais & Oidhreachtaí’.
- Roghnaigh ‘Tuairisceán IT38 CFC a Thíolacadh’.
- Roghnaigh an tréimhse tíolactha cheart.
- Líon isteach an fhaisnéis chuí.
- Tíolaic an IT38 agus íoc an cháin ar líne.
Tíolacadh a dhéanamh trí ROS
Nuair atá tú cláraithe, sínigh isteach ar do chuntas ROS agus déan an méid seo a leanas:
- Roghnaigh Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) ó na cánacha ar an liosta.
- Roghnaigh an tréimhse tíolactha cheart.
- Líon isteach an fhaisnéis chuí.
- Tíolaic an IT38 agus íoc an cháin ar líne.
Má tá ROS a úsáid, molann muid go ndéanann tú an fhoirm IT38 a chomhlánú leis an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin.
Ní shábhálann an leagan ar líne den fhoirm go dtí Obair ar Siúl agus d’fhéadfadh sé dul in éag roimh duit na sonraí uile a chur isteach. Nuair a bheidh an fhoirm seo comhlánaithe agat, féadtar é a uaslódáil agus aon cáin atá dlite a íoc.
Tabhair do d’aire
Mura bhfuil tú in ann clárú le haghaidh moChúrsaí nó ROS, déan teagmhail le Deasc Chabhrach Clárúcháin moChúrsaí nó le Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.
Foirm páipéir a thíolacadh
Tá Foirm IT38S páipéir simplithe ar fáil freisin.
Má roghnaíonn tú foirm pháipéir a thíolacadh, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an cháin a ríomh
- an fhoirm chomhlánaithe a shíniú
- agus
- í a sheoladh ar ais agus íocaíocht in éineacht léi chuig oifig an Ard-Bhailitheora, an tArd-Bhailitheoir, Bosca Oifige Poist 354, Luimneach.
Comhlánaigh gach cuid den fhoirm ina hiomláine agus tabhair an fhaisnéis uile a iarrtar.
Ar aghaidh: Tíolaic sochair bhreise nó leasaigh tuairisceán tíolactha