Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhiúscairt sócmhainne
Cén uair agus cén chaoi a n-íoctar agus a dtíolactar CGC?
Tá na dátaí a íoctar agus a thíolactar Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) bunaithe ar an dáta a dhíol tú, a bhronn tú nó a d’aistrigh tú sócmhainn.
Cén uair le do Thuairisceán CGC a thíolacadh
Ní mór duit do Thuairisceán CGC a thíolacadh ar, nó roimh, an 31 Deireadh Fómhair den bhliain a leanann dáta na diúscartha. Ní mór é seo a dhéanamh fiú mura bhfuil cáin dhlite mar gheall ar fhaoisimh nó caillteanais incheadaithe.
Cén uair le do CGC a íoc
I gcás diúscairtí déanta idir:
- 1 Eanáir agus 30 Samhain (an tréimhse thosaigh), ní mór duit CGC a íoc faoin 15 Nollaig den bhliain chéanna.
- 1 Nollaig agus 31 Nollaig (an tréimhse níos déanaí) ní mór duit CGC a íoc faoin 31 Eanáir den bhliain dár. gcionn.
Tabhair do d’aire
Gearrfar muirear úis ar aon íocaíocht déanach. Gearrfar muirear pionóis ar Thuairisceán déanach.
Le haghaidh diúscairtí déanta faoi chonradh scríofa, de ghnáth is ionann am na diúscartha agus dáta an chonartha.
Cén chaoi le CGC a íoc
Más rud é:
- nach bhfuil tú cláraithe le haghaidh CGC, ní mór duit clárú le haghaidh CGC agus í a íoc ar líne ag baint úsáide as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí
- go bhfuil tú díolmhaithe ó ríomhthíolacadh éigeantach, féadtar:
Clárú le haghaidh CGC
Féadtar clárú le haghaidh CGC trí logáil isteach ar moChúrsaí nó ROS. Féadtar é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as d’Uimhir Chlárúcháin Chánach (TRN) nó d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). Féadtar clárú roimh dhiúscairt nó ina dhiaidh, ach ní mór duit clárú chun íocaíocht a dhéanamh. Nuair a bheidh tú cláraithe, ní gá díchlárú nó clárú arís le haghaidh diúscairtí níos déanaí.
An chaoi le clárú le haghaidh ROS
Más úsáideoir ROS thú, féadtar clárú le haghaidh CGC ach na céimeanna seo a leanúint:
- Sínigh isteach ar ROS.
- Sa rannán 'Seirbhísí Eile' den scáileán 'Mo Sheirbhísí Féin', cliceáil ar an nasc 'Bainistigh Clárúcháin Chánach'.
- Roghnaigh an chatagóir 'CGC'.
Cén chaoi le clárú ar moChúrsaí
Más úsáideoir moChúrsaí thú, féadtar clárú le haghaidh CGC ach na céimeanna seo a leanúint:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar 'Clárúcháin Chánach' faoin gcluaisín 'Bainistigh Mo Thaifead'.
- Cliceáil ar ‘Cláraigh’ ar an líne cineál na cánach ‘CGC’.
Tá eolas breise maidir le rochtain a fháil ar an tseirbhís ríomh-Chlárúcháin ar fáil ag Bainistigh do chlárúcháin chánach.
Cén chaoi le do Thuairisceán CGC a thíolacadh
Tá roinnt tuairisceáin CGC éagsúil ann:
Bain úsáid as ROS chun do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11), d'Fhoirm 1 nó d’Fhoirm CT1 a thíolacadh. Is féidir leat d'Fhoirm CG1 nó do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 12) a sheoladh sa phost:
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Tithe an Rialtais
Bóthar Chill Rois
Inis
Co. an Chláir
Cén chaoi le d'Fhoirm CG1 a thíolacadh
Eolas le cur san áireamh ar do Thuairisceán CGC
Nuair atá do Thuairisceán CGC á chomhlánú agat, ní mór duit an méid seo a leanas a chur san áireamh:
- Cur síos ar an tsócmhainn, nó na sócmhainní, a rinne tú a dhiúscairt.
- An tsuim a fuarthas ar an tsócmhainn, nó na sócmhainní.
- Aon fhaoisimh a d’éiligh tú.
- Aon chaillteanais neamhúsáidte ó bhliain roimhe atá le fhritháireamh.
- An gnóthachan inmhuirir (nó caillteanas).
- Do ghnóthachan incháinithe agus ráta CGC.
- An tsuim CGC íoctha (a íoctar leis an Ard-Bhailitheoir roimh an Tuairisceán).
Ar aghaidh: Má rinne tú caillteanas