Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Léargas ginearálta

Is éard is CGC ann ná cáin a íoctar ar aon ghnóthachan caipitiúil (brabús) a dhéantar nuair a dhiúscraíonn tú sócmhainn.

Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann faoisimh nó díolúintí a chur i bhfeidhm, rud a laghdóidh an tsuim CGC nach mór duit a íoc. Mínítear sa rannán seo na príomhfhaoisimh agus díolúintí CGC atá ar fáil.

Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann creidmheas i leith CGC eachtrach a d’íoc tú a éileamh.

Tabhair do d’aire

Ní mór tuairisceán a thíolacadh fiú mura bhfuil aon cháin dlite mar gheall ar fhaoisimh agus díolúintí a bheith i bhfeidhm.

Ar aghaidh: Faoiseamh i leith Innéacsú