Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Maoin a fuarthas idir 7 Nollaig 2011 agus 31 Nollaig 2014

Féadfaidh sé go bhfuil faoiseamh ó CGC dlite duit má dhiúscraíonn tú maoin a fuarthas idir 7 Nollaig 2011 agus 31 Nollaig 2014. Talamh nó foirgnimh atá i gceist le Maoin.

Féadtar an faoiseamh a éileamh i leith talún nó foirgneamh sa tír seo nó in aon stát de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE).

Cén chaoi a gcáilítear don fhaoiseamh?

Tá díolúine ó CGC i gceist le gnóthachan ar bith a rinneadh ar mhaoin a fuarthas idir 7 Nollaig 2011 agus 31 Nollaig 2014. Gheobhaidh tú díolúine iomlán ar an gcoinníoll:

  • go raibh an talamh nó an foirgneamh faoi d’úinéireacht ar feadh ceithre bliana ar a laghad agus suas le seacht mbliana leanúnacha
  • agus
  • gur dhíol tú an mhaoin ar 1 Eanáir 2018 nó dá éis.

Maoin faoi úinéireacht níos faide ná seacht mbliana

Féadtar faoiseamh páirteach a fháil sa chás go bhfuil úinéireacht agat ar feadh tréimhse níos faide ná seacht mbliana.

Chun an faoiseamh páirteach a riamh, roinn seacht ar líon na mblianta a bhfuil úinéireacht agat ar an maoin. Tabharfaidh sé seo an sciar den ghnóthachan duit atá díolmhaithe.

Mar shampla, má bhí úinéireacht agat ar an talamh nó na foirgnimh ar feadh deich mbliana, déanfar an gnóthachan a laghdú faoi sheacht ndeichiú (7/10).

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Ní mór duit an faoiseamh a chur san áireamh agus do CGC á ríomh agat. Chomh maith leis sin, ní mór duit sonraí an ghnóthachain a chur san áireamh nuair a thíolacann tú do thuairisceán CGC.

Ar aghaidh: Diúscairt gnó nó feirme (Faoiseamh Scoir)