Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
Faoiseamh i leith Athstruchtúrú Feirme
Féadtar faoiseamh a éileamh ó CGC má dhéanann tú talamh feirme a dhiúscairt chun críocha feirme a athstruchtúrú.
An fheidhm atá le hathstruchtúrú feirme ná chun d’fheirm a dhéanamh níos éifeachtaí (oibríocht agus inmharthanacht na feirme a fheabhsú). Is féidir leat é seo a dhéanamh trí thalamh feirme a dhíol agus a cheannach, nó a mhalartú, chun an talamh a thabhairt níos gaire dá chéile.
Foráiltear san fhaoiseamh:
- d’fhaoiseamh iomlán ó CGC nuair atá an praghas ceannaigh níos mó ná an praghas díola
- nó
- d’fhaoiseamh páirteach ar CGC nuair atá an praghas ceannaigh níos lú ná an praghas díola. (Tugtar faoiseamh i gcomhréir le méid na bhfáltas díola a athinfheistítear chun talamh feirme nua a cheannach.)
Baineann an faoiseamh le talamh a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta, lena n-áirítear talamh atá oiriúnach lena áitiú mar choillearnach:
- ar bhonn tráchtála
- nó
- ar bhonn neamhthráchtála, ach a úsáidtear chun críche caomhnaithe.
Ní bhaineann an faoiseamh le foirgnimh ar an talamh.
Féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe le haghaidh faoiseamh i leith Dleacht Stampa ar cheannach na talún nua.
Cén chaoi a gcáilítear don fhaoiseamh?
Ní mór don chéad díol, nó don chéad cheannach, tarlú idir 1 Eanáir 2013 agus 31 Nollaig 2029. Ní mór don chéad díol nó don chéad cheannach eile tarlú taobh istigh de 24 mí ón gcéad díol nó ón gcéad cheannach.
Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann faoiseamh a éileamh sa chás go malartaíonn tú talamh le duine eile.
Tabhair do d'aire
Ní mór go dtiocfaidh laghdú ar an achar idir an talamh mar thoradh ar an díolacháin agus ceannachán, nó an malartú.
Chun cáiliú don fhaoiseamh, ní mór Farm Restructuring Certificate arna eisiúint ag Teagasc a bheith agat. Deimhníonn an deimhniú seo go ndearna tú an t-idirbheart chun críocha athstruchtúrú feirme.
Is é an tráth ag a dtugtar an faoiseamh ná:
- nuair a dhíoltar an talamh, sa chás go dtarlaíonn an ceannach roimh an díol
- nó
- nuair a dhéantar an malartú, sa chás go malartaítear an talamh i gcomhthráth.
An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh
Ní mór Foirm éilimh um fhaoiseamh d'athstruchtúrú feirme a chomhlánú. An faoiseamh a chur san áireamh agus do CGC á ríomh agus do thuairisceán á thíolacadh agat.
Aisíocaíocht CGC
Féadtar talamh feirme a dhíol agus CGC a íoc sula gceannaíonn tú talamh feirme nua. Féadtar aisíocaíocht a éileamh nuair a cheannaítear an talamh nua.
Aisghlámadh
Féadfaidh tú talamh a cheannaigh tú nó a mhalartaigh tú a dhiúscairt laistigh de chúig bliana ó dháta an cheannaigh nó an mhalartaithe. Má dhéanann, beidh aisghlámadh i gceist ar an bhFaoiseamh i leith Athstruchtúrú Feirme.
Níl feidhm aige seo sa chás go ndiúscraíonn tú an talamh faoi ordú ceannaigh éigeantaigh.
- Sampla 1
I mí an Mhárta 2023, dhíol Ruadhán cuid dá fheirm (atá lonnaithe ocht gciliméadar ón bhfeirm) ar €195,000. Cheannaigh sé an talamh seo in 2008 ar €182,000, agus bhí costais diúscartha €3,000 i gceist.
Cheannaigh Ruadhán feirm eile atá taobh lena bhfeirm féin, ar €201,000 i mí na Samhna 2023. Tá sé incháilithe le haghaidh Faoiseamh i leith Athstruchtúrú Feirme agus faigheann sé deimhniú um athstruchtúrú feirme ó Teagasc.
Tá an praghas ceannaigh níos mó ná an praghas díola, agus dá bhrí sin tá Ruadhán incháilithe le haghaidh faoiseamh iomlán. Níl air CGC a íoc ar an díol.
Nuair a dhéanann sé a thuairisceán CGC a thíolacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2024, cuirfidh Ruadhán sonraí an díolachán agus sonraí an fhaoisimh san áireamh.
- Sampla 2
Dhíol Oisín talamh (atá cúig ciliméadar ar shiúl) i mí Aibreáin 2023 ar €255,000. Bhí costas diúscartha €6,000 i gceist.
Cheannaigh sé an talamh seo i mí an Mhárta 1982 ar €32,000 (costais san áireamh). Féadann Oisín Faoiseamh i leith Innéacsú a chur i bhfeidhm ar chostas na fála
CGC Oisín a ríomh
| Cur síos | Ríomh | Luach |
|
An praghas díola
|
|
€255,000
|
|
Lúide costais incheadaithe:
|
|
|
| An praghas ceannaigh
(coigeartaithe le hiolraitheoir 1982/83)
|
€32,000 × 2.678
|
€85,696
|
|
Costas diúscartha
|
|
€6,000
|
|
Gnóthachan inmhuirir
|
|
€163,304
|
|
Lúide díolúine phearsanta
|
|
€1,270
|
|
Taxable gain
|
|
€162,034
|
|
CGT due (33% of €162,034)
|
€162,034 ag 33%
|
€53,471.22
|
D’íoc Oisín a CGC roimh an 15 Nollaig 2023. Ansin cheannaigh sé talamh níos giorra dá fheirm ar €204,000. Tá sé incháilithe le haghaidh Faoiseamh i leith Athstruchtúrú Feirme agus faigheann sé deimhniú um athstruchtúrú feirme ó Teagasc
Tá an praghas ceannaigh níos lú ná an praghas díola. Dá bhrí sin tá Oisín incháilithe le haghaidh faoiseamh páirteach.
Sciar d’fháltais an díola a athinfheistítear
| Cur síos | Ríomh | Luach |
| An praghas ceannaigh |
|
€204,000 |
| Roinnte faoi fháltais an díola |
|
€255,000 |
| Sciar |
€204,000÷€255,000 |
0.8 (80%) |
Ós rud é go ndearna Oisín 80% d’fháltais an díola a athinfheistiú chun an talamh feirme eile a cheannach, tá sé i dteideal faoiseamh 80% a fháil.
Gheobhaidh Oisín aisíocaíocht €42,777 (80% den €53,471.22 a d’íoc sé).
Ar aghaidh: Faoiseamh Athbhreithnithe d'Fhiontraithe