Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
Faoiseamh Athbhreithnithe d'Fhiontraithe
Tabhair do d’aire
Tháinig an faoiseamh seo in áit an Entrepreneur Relief a bhí i bhfeidhm do na blianta 2014 agus 2015.
Tugann an faoiseamh seo ráta CGC de 10% ar ghnóthachain ó dhiúscairt shócmhainní gnó inmhuirearaithe. Tá sé seo laghdaithe ón ráta caighdeánach 33%. Is é 20% an ráta atá i gceist le haghaidh diúscairtí ó 1 Eanáir go 31 Nollaig 2016.
Teorainn saoil ar ghnóthachain
Féadtar an faoiseamh a éileamh ar an gcéad €1,000,000 de ghnóthachain a éascraíonn idir 1 Eanáir 2016 agus an 31 Nollaig 2025. I gcás gnóthachain a eascraíonn ar an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiadh, méadaítear an teorainn saoil go €1,500,000. Ní mór duit gach gnóthachan roimhe seo ar dhiúscairtí cáilitheacha a chur le chéile chun a sheiceáil an bhfuil an teorainn saoil bainte amach agat. Ní áirítear sa teorainn ach gnóthachain ar dhiúscairtí a rinneadh ar 1 Eanáir 2016 nó dá éis.
Diúscairtí nach gcáilíonn
Níl feidhm ag an bhfaoiseamh seo ar na dhiúscairtí seo:
- scaireanna (seachas scaireanna a cháilíonn le haghaidh faoiseamh faoin rannán seo), urrúis nó sócmhainní eile a choinnítear mar infheistíochtaí
- talamh forbartha
- sócmhainní nach dtiocfadh gnóthachan inmhuirir chu cinn as iad a dhiúscairt
- sócmhainní faoi úinéireacht phearsanta taobh amuigh de chuideachta, fiú má úsáideann an chuideachta na sócmhainní sin
- cáilmheas a dhiúscraítear chuig cuideachta bhainteach
- scaireanna nó urrúis i gcuideachta ina bhfanann an duine aonair ceangailte leis an gcuideachta tar éis na diúscartha.
Sna dhá chás deiridh, féadfaidh an faoiseamh a bheith i bhfeidhm má dhéantar an diúscairt ar fíor-chúiseanna tráchtála agus ní ar mhaithe le seachaint cánach.
Cén chaoi a gcáilítear don fhaoiseamh?
Ní mór na sócmhainní gnó a bheith faoi d’úinéireacht agat ar feadh tréimhse leanúnach de thrí bliana. Ní mór na trí bliana a bheith sna cúig bliana díreach roimh an diúscairt. Ní mór an tsócmhainn ghnó a bheith in úsáid le haghaidh gnó cáilitheach. I gcás scaireanna, ní mór úinéireacht a bheith agat ar 5% ar a laghad de na gnáthscaireanna ar feadh tréimhse leanúnach trí bliana. Is féidir leis an tréimhse trí bliana a bheith ag am ar bith roimh an diúscairt.
Sócmhainní gnó cáilitheacha
Is éard is sócmhainní gnó cáilitheacha ann ná:
- scaireanna atá faoi úinéireacht duine aonair i gcuideachta thrádála nó i gcuideachta shealbhaíochta de chuid grúpa cáilitheach
- sócmhainní atá faoi úinéireacht trádálaí aonair agus úsáidtear ina dtrádáil.
Gnó cáilitheach
Is éard is gnó cáilitheach ann ná gnó seachas:
- urrúis nó sócmhainní eile a shealbhú mar infheistíochtaí
- talamh forbartha a choinneáil
- talamh a fhorbairt nó a ligean amach.
Gnó cáilitheach á oibriú ag cuideachta
Sa chás go bhfuil gnó á oibriú ag cuideachta, ní mór 5% ar a laghad de na gnáthscaireanna a bheith faoi d’úinéireacht agat i gceann díobh seo a leanas:
- an chuideachta
- nó
- cuideachta shealbhaíochta de chuid grúpa cáilitheach.
Ciallaíonn sé seo nach mbeadh feidhm ag an bhfaoiseamh sna cásanna seo:
- nuair atá cuideachta díomhaoin sa ghrúpa
- nó
- nuair nach bhfuil ceann de na fochuideachtaí ina cuideachta thrádála.
Is éard is ‘cuideachta shealbhaíochta’ ann ná cuideachta a mbaineann a gnó go hiomlán, nó go príomha, le scaireanna a shealbhú. Caithfidh sí scaireanna a shealbhú i gcuideachtaí eile, ar fochuideachtaí 51% iad go léir.
Is éard is 'grúpa cáilitheach' ann ná go bhfuil gnó gach fochuideachta 51% comhdhéanta go hiomlán, nó go príomha, d'oibriú gnó cáilitheach. (Ní fholaíonn sé seo an chuideachta shealbhaíochta)
Gnó cáilitheach á oibriú ag duine aonair
Ní mór duit a bheith i do stiúrthóir nó i d’fhostaí de chuid na cuideachta (nó na gcuideachtaí) i ngrúpa cáilitheach. Ní mór:
- gur chaith tú ar a laghad 50% de do chuid ama i seirbhís na cuideachta (nó na gcuideachtaí) i gcáil bhainistíochta nó theicniúil
- agus
- gur fhóin tú sa cháil sin ar feadh tréimhse leanúnach de thrí bliana. Ní mór na trí bliana a bheith sna cúig bliana díreach roimh dhiúscairt na sócmhainní gnó.
Féadtar teacht ar shonraí iomlán sa Revised Entrepreneur Relief manual.
An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh
Ríomh do CGC leis an ráta laghdaithe 10% ar ghnóthachain ó dhiúscairt shócmhainní gnó inmhuirearaithe.
Ar aghaidh: Faoisimh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach (PÁCP)