Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Diúscairt gnó nó feirme (Faoiseamh Scoir)

Tabhair do d'aire

Cé go dtugtar Faoiseamh Scoir air seo, ní gá duit dul ar scor ón ngnó nó ón bhfeirmeoireacht.

Má tá tú 55 bliain d'aois nó níos sine, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ar Fhaoiseamh Scoir. Is faoiseamh ar Chánach Gnóthacgan Caipitiúl (CGC) é seo nuair atá aon chuid de deo chuid gnó nó sócmhainní feirmeoireachta á ndiúscairt agat.

Má tá tú níos óige ná 55 bliain d'aois, féadtar cáiliú don fhaoiseamh seo sa chás:

  • nach féidir leat leanúint ar aghaidh le feirmeoireacht nó le do ghairm mar gheall ar dhrochshláinte (Teastóidh fianaise leighis ar an tinneas a chur ar fáil.)
  • go sroicheann tú 55 bliain d'aois taobh istigh de 12 mhí ón diúscairt.

Céard is Faoiseamh Scoir ann?

Tá dhá chineál Faoisimh Scoir ann, ag brath ar do ghnó nó feirm a bheith diúscartha agat:

  • le do leanbh
  • le duine taobh amuigh de do theaghlach.

Cuimsíonn an téarma 'leanbh' do:

  • mhac nó iníon
  • leasleanbh nó leanbh do pháirtnéara shibhialta
  • leanbh uchtaithe nó aitheanta mar uchtaithe faoin Acht Uchtála, 2010
  • leanbh le leanbh básaithe
  • neacht nó nia a d'oibrigh go lánaimseartha sa ghnó nó san fheirm ar feadh cúig bliana ar a laghad
  • leanbh altrama, ar thug tú aire dóibh ar do chostas féin ar feadh cúig bliana ar a laghad sular shroich siad 18 mbliana d'aois. (Ní mór fianaise ó bhreis agus finné amháin a bheith agat mar thaca leis seo.)

Diúscairt gnó nó feirme chuig do leanbh

Braitheann suim an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh ar d'aois ag am na diúscartha.

I gcás diúscairtí a rinneadh:

  • suas le 31 Nollaig 2013 féadtar faoiseamh iomlán a éileamh má tá tú 55 bliain d'aois nó níos sine
  • ó 1 Eanáir 2014, más rud é go bhfuil tú:
    • idir 55 agus 65 bliain d'aois, féadfaidh tú faoiseamh iomlán a éileamh
    • 66 bliain d'aois nó níos sine, tá an teorainn €3 milliún ar an bhfaoiseamh.

Aisghlámadh

Má dhiúscraíonn do leanbh an tsócmhainn taobh istigh de shé (6) bliana, tarraingeoidh muid an faoiseamh siar. Ní mór do do leanbh CGC a íoc ansin ar an diúscairt bhunaidh a rinne tú, chomh maith leis an CGC ar a d(h)iúscairt féin.

Diúscairt gnó nó feirme do dhuine taobh amuigh do do theaghlach

Féadtar faoiseamh iomlán a éileamh nuair nach sáraíonn an luach margaidh ag am na diúscartha an tairseach seo a leanas:

  • €750,000 i gcás diúscairtí:
    • a dhéantar idir 1 Eanáir 2007 agus 1 Eanáir 2014
    • ar 1 Eanáir 2014 nó dá éis agus tú faoi 66 bliain d'aois.
  • €500,000 i leith diúscairtí a dhéantar ar 1 Eanáir 2014 nó dá éis agus tú níos sine ná 66 bliain d'aois.

Má tá an luach margaidh níos mó nó an tairseach, féadfaidh sé go mbeidh faoiseamh imeallach i gceist. Cuireann sé seo teorainn ar an CGC suas le leath den difríocht idir an luach margaidh agus an tairseach.

Aisghlámadh

Is teorainneacha saoil iad na tairseacha €750,000 agus €500,000. Má sháraíonn tú an teorainn seo tarraingeofar an faoiseamh siar. Beidh tú faoi dhliteanas as gnóthachain CGC ar gach diúscairt.

Faoiseamh Imeallach

Féadtar faoiseamh imeallach a bheith i bhfeidhm ar ghnóthachain a sháraíonn na tairseacha. Cuireann sé seo teorainn ar an CGC suas le leath den difríocht idir:

  • an praghas díola nó luach margaidh
  • agus
  • an tairseach.

An chaoi le Faoiseamh Scoir a éileamh

Cuir an faoiseamh san áireamh agus do CGC á ríomh agat. Chomh maith le sin, ní mór duit sonraí an ghnóthachan a chur san áireamh nuair a thíolacann tú do tuairisceán CGC.

Ar aghaidh: Aistriú suímh ó thuismitheoir chuig leanbh